Bhí go leor de mhaoin an tsaoil ag na daoine san am sin. Bhí a gcuid bainne, glasraí, móin agus préataí féin ag na daoine. Ní raibh le ceannach ach plúr, tae agus siúcra, bhíodh na scadáin saillte acu. Ní raibh léir airgid acu ach ní raibh billí móra ar na daoine.